Skip to main content
Strategic Plan

Rith Páirce

Rith Páirce (Parkrun)

Is imeacht pobail saor in aisce, seachtainiúil, 5k é Rith Páirce, inar féidir leat siúl, bogshodar, rith, a bheith i d’oibrí deonach, nó a bheith sa lucht féachana. Ar siúl gach maidin Shatharn ag 9:30 r.n., tá fáilte roimh chách ag Rith Páirce, beag beann ar cé chomh aclaí is atá tú. Is cuma cé acu an reathaí a bhfuil neart taithí agat thú, nó más maith leat a bheith níos gníomhaí, is éard atá i gceist le Rith Páirce ná sult a bhaint as a bheith amuigh faoin aer, a bheith mar chuid de phobal tacúil, agus spriocanna pearsanta a leagan síos.

I gContae Bhaile Átha Cliath Theas, bhí ról lárnach ag Active South Dublin maidir le Rith Páirce a thabhairt chuig cúig shuíomh iontach páirce. Páirc Chorcaí, Páirc Thigh Motháin, Páirc Ghleann na Dothra, Páirc Ghleann an Ghrífín, agus Páirc Bhaile Uaitéir. Tá bealach uathúil i ngach páirc, mar sin is cuma cá bhfuil tú, beidh imeacht áitiúil ann le páirt a ghlacadh ann. Anuas air sin, reáchtálann Páirc Ghleann an GhrífínRith Páirce do Pháistí, imeacht 2k a dearadh go speisialta do pháistí idir 4-14 bliana d’aois agus dá dteaghlaigh. Bíonn Rith Páirce do Pháistí ar siúl gach Domhnach ag 9:30r.n., ag cur bealach spraíúil, atá oiriúnach do theaghlaigh ar fáil le spórt a dhéanamh le chéile.

Tá níos mó ná rás i gceist le Rith Páirce—forbraítear caidrimh, cruthaítear muintearas i measc an phobail, agus déantar ceiliúradh ar gharspriocanna leis. I ndiaidh an reatha, bailíonn go leor rannpháirtithe le chéile chun caife a ól nó cáca ceiliúrtha a ithe, mar sin is ócáid shóisialta é chomh maith le ceann aclaíochta. Cabhraíonn sé seo atmaisféar fáilteach, ionchuimsitheach a chruthú do chách.

An rud is fearr ar fad, tá Rith Páirce go hiomlán saor in aisce. Níl le déanamh ach clárú uair amháin ar shuíomh gréasáin Rith Páirce ag www.parkrun.ie agus do bharrachód a phriontáil amach chun páirt a ghlacadh. Níl aon ghá clárú gach seachtain—tar thart, agus as go brách leat ansin! Cé acu ar mhaith leat do sháriarracht phearsanta féin a bhaint amach, sult a bhaint as siúlóid dheas réidh, nó a bheith ag obair go deonach chun cabhrú le daoine eile, is bealach iontach é Rith Páirce le bheith gníomhach i do pháirc áitiúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le gach Rith Páirce áitiúil i gContae Bhaile Átha Cliath Theas, téigh chuig www.parkrun.ie. Tá súil againn thú a fheiceáil ann!